Bhí mí gnóthach againn i Rang a 5 an mhí seo.
Bhí turas deas go Baile Átha Cliath againn áit a bhfuaireamar seans ár amhráin dos na Peace Proms a chleachtadh leis na scoileanna eile.
Thosaíomar ar Spikeball thíos i gCnoc an Phíobaire. Táimid ag baint an-taitneamh as na ceachtanna le daltaí na h-idirbhliana agus tá feabhas ag teacht ar ár scileanna gach seachtain.
Leanamar lenár obair ghrúpa sa Mhata lenár stáisiúin Matamaitice sna ranganna . Na téamaí ‘Airgead’ agus ‘Sonraí – Cairteacha agus Graf’ a chlúdaíomar an mhí seo.
Bhíomar gnóthach le Seachtain an Chairdis ag labhairt agus ag foghlaim faoi cairdeas agus bulaíocht agus na coimhlintí a bhíonn ann idir grúpaí cairde. Scríobhamar dánta deasa as Béarla don chomórtas a bhí ar bhun sa scoil agus bhí an bua ag Robyn a scríobh dán álainn! Chuamar timpeall na ranganna gach lá den tseachtain seo ag cabhrú le na múinteoirí ár amhrán cairdis ‘Mo Bhladhm’ a mhúineadh dos na ranganna níos óige. Chaith gach páiste sa rang vóta don ‘cara is fearr’ sa seomra ranga agus bhí an-áthas ar Aoibhe cloisteail gurb í a bhí roghnaithe! Chríochnaigh an tseachtain suas le ciorcal mhór cairdis sa chlós agus gach duine ag canadh ár amhran speisialta le chéile.
Ár seans a bhí ann rud éigin a chur i láthair na tionóile ar an Aoine 25ú Samhain. Toisc gur an lá deireanach de Seachtain an Chairdis a bhí ann chanamar an amhrán Disney ‘A Friend like Me’ .
Ta ár maisiúcháin Nollag in airde againn, ár chéad píosa ealaíne bainteach leis an Nollaig déanta againn agus sinn ag súil le mí deas eile roimh na laethanta saoire!
We have had a busy month in Rang a 5 this November which included:
- A trip to Dublin for Peace Proms practise.
- Spikeball each Monday with transition year students from Piper’s Hill Secondary School.
- Two sets of Maths Stations based on ‘Money’ and ‘Data – Charts and Graphs’.
- Friendship Week
- A performance of Disney’s ‘A Friend Like Me’ in assembly.
- Looking forward to Christmas! Decorations are up and artwork has begun!