Gaelscoil Nás na Ríogh

Ceisteanna Coitianta / Enrolment FAQ

An bhfuil an luath-thumoideachas iomlán oiriúnach do pháistí le riachtanais speisialta?

Tá. Léiríonn an taighde go bhfuil an luath-thumoideachas oiriúnach do pháistí le riachtanais speisialta. Léiríonn an taighde go gcabhraíonn an tumoideachas leis an bpáiste scileanna cognaíocha agus cumarsáide níos fearr a fhorbairt, mar aon le féinmhuinín agus caoinfhulaingt a mhéadú.

Is full early-immersion education suitable for children with additional needs?

It is. Research has proven that immersion education is suitable for children with special educational needs and that it helps children to develop better cognitive and communication skills, as well as helping them to develop increased self-confidence and empathy.

An dtógfaidh sé i bhfad ar mo pháiste Gaeilge a labhairt?

Tógann sé tamall sula dtosaíonn páiste ag labhairt teanga nua agus ní hionann aon bheirt sa ráta foghlama. Ní cóir go mbeadh tuismitheoir díomách mura mbeadh toradh le feiceáil nó le cloisteáil láithreach bonn. I gcás na chéad teanga de, tógann sé timpeall dhá bhliain sula dtosaíonn páiste ag caint ach ní hionann sin is a rá nach mbíonn aon rud ar siúl sa dhá bhliain sin. Sa scoil is í an Ghaeilge amháin a úsáideann an múinteoir luathbhlianta chun gníomhaíochtaí a eagrú agus a phlé leis na páistí. Is iad bunchlocha teanga ná éisteacht agus tuiscint. Sa scoil, cuirfear leis an stór focal a úsáidtear leis na páistí ar bhonn céimiúil. Beidh na páistí ag sealbhú teanga i mbealach nádúrtha ón iomad gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl (amhráin, rannta, cluichí, súgradh cruthaitheach agus drámata, ealaín, agus eile). De réir a chéile tiocfaidh an lá a mbeidh an páiste in ann iad a úsáid ina c(h)omhthéacs féin.

How long will it take for my child to start speaking in Irish?

It takes time for a child to begin speaking a new language, and no two children learn at the same rate. Parents should not be disappointed if they don’t see or hear their child speaking Irish immediately. In the case of a child’s first language, it can take them two years to begin to speak, but that’s not to say that they’re not acquiring language during those two years. The early-years teacher will only speak in Irish, organising and discussing activities with the children. The foundations of language are listening and understanding and the vocabulary used with children is built up over time. Children acquire the language in a natural manner through the activities provided (songs, rhymes, games, creative play, drama, art, etc.). Over time, children will acquire the ability to use the words and phrases themselves, in context.

An mbeidh na deiseanna céanna ar fáil do na daltaí lasmuigh den seomra ranga is a bheadh i scoil meán-Bhéarla?

Beidh, agus breis! Níl aon bhac ar scoileanna lán-Ghaeilge bheith rannpháirteach in imeachtaí náisiúnta, agus cuireann leithéidí comórtas an Eolaí Óg duais ar leith ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt trí mheán na Gaeilge. Tá rogha leathan imeachtaí ar fáil chomh maith atá dírithe ar dhaltaí na scoileanna lán-Ghaeilge amháin; imeachtaí spóirt, díospóireachta, drámaíochta, ceoil agus eile.

Will students have the same opportunities outside of the classroom as they would attending an English-medium school?

Yes, and more! Irish-medium schools take part in all kinds of local and national events, and some, like the Young Scientists, have special awards for those who participate in Irish. There is also a wide range of events specifically for students in Irish-medium schools; sport, debating, drama, music and more.

An mbeidh mé in ann cúnamh a thabhairt do mo pháiste leis an obair bhaile?

Aithníonn scoileanna lán-Ghaeilge an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i ngach gné d’oideachas a bpáistí, obair bhaile san áireamh. Tuigeann múinteoirí nach bhfuil Gaeilge líofa ag gach tuismitheoir agus tugtar obair bhaile d’fhonn treisiú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha ag an dalta le linn am scoile.

Beidh do pháiste in ann an obair bhaile a thugtar dóibh a mhíniú duit sa teanga a úsáideann sibh le chéile sa bhaile. Cabhróidh sé go mór le do pháiste má léiríonn tú dóibh go bhfuil fíorspéis agat sa sealbhú teanga agus an dul chun cinn atá ar bun acu.

How will I help my child with homework?

Irish-medium schools recognise the importance of engaging parents in all aspects of their child’s learning, including homework. Teachers are aware that many parents may not speak Irish and homework is designed to reinforce what the student has already covered during school hours.

Your child will be able to explain the homework they’ve been given in the language you speak together at home. It will help your child a lot if you show them that you’re very interested in how they are becoming fluent in Irish, and in the progress they’re making at school.

An gá dom Gaeilge a bheith agam le mo pháiste a chlárú sa scoil?

Ní gá. Cuirtear fáilte roimh pháistí ó gach cúlra teanga agus ó gach cultúr sa scoil. Labhróidh na múinteoirí Gaeilge amháin ón gcéad lá, agus úsáidfear comharthaíocht choirp, pictiúir agus tuin chainte le cinntiú go dtuigfidh na páistí iad. Tabharfaidh na páistí freagra ina dteanga bhaile ar dtús agus foghlaimeoidh siad go tapa conas Gaeilge a thuiscint agus ansin a úsáid. Glaoitear an luath-thumoideachas iomlán ar an modh seo agus baintear leas as ar fud an domhain. Tá iliomad buntáistí ag baint leis an tumoideachas d’fhorbairt an pháiste.

Do I need to speak Irish to enrol my child in the school?

No. Children from all linguistic and cultural backgrounds are welcome in our school. The teachers will speak in Irish to the children from the first day and will use body language, pictures and tone of voice to make sure that the children can understand their meaning. Children usually respond in their home language but quickly come to understand Irish and to use the language themselves. This is what’s known as immersion education and it’s a popular method of education, used all over the world. It has a lot of advantages in terms of children’s development.

An mbeidh tionchar ag an tumoideachas ar chumas Béarla mo pháiste?

Bíonn tionchar dearfach ag an tumoideachas trí mheán na Gaeilge ar líofacht na na ndaltaí sa Bhéarla. Cuireann sé le cumais daltaí i dteangacha eile (lena n-áirítear Béarla) seachas aon bhac a chur orthu. Ní gá do thuismitheoirí a bheith buartha faoi chumas na ndaltaí má roghnaíonn siad leanúint ar aghaidh le staidéar ag an tríú leibhéal, mar go bhfuil na scileanna a fhorbraíonn na daltaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile inaistrithe go dtí a n-oideachas tríú leibhéal. Ní bhíonn deacracht ag daltaí dul i ngleic le téarmaíocht i mBéarla mar tá tuiscint forbartha acu cheana féin ar na coincheapa a mbeidh de dhíth uathu le staidéar a dhéanamh ar an ábhar.

Conas gur féidir liom mo pháiste a chlárú sa scoil?

Is féidr leat an fhoirm léiriú spéise a líonadh agus a chuir ar ais ag an scoil sa phost nó sa ríomhphost. Rachaidh an scoil i dteagmháil leat I mí Eanáír den bhliain ina bhfuil do pháiste le tosú chun an córas clárúcháin a mhiniú duit. Is féidir níos mó eolas a fháil ar an bpróiseás sa pholalasaí clárúcháín atá ag an scoil.

How can I enrol my child in the school?

You may fill in an expression of interest form and return it to the school by post or e mail. The school will contact you about the enrolment process in the January of the year in which your child is to start school. More information about the process is available by reading our enrolment policy.

May 06
2024
Scoil Dúnta
May 13
2024
Scrudaithe Caighdeánacha/ Standardised testing
May 20
2024
Seachtain Bitheagsúlacht/ Biodiversity week
Jun 03
2024
Lá Saoire Banc
15-Mar-2023
Ceol agus Drámaíocht ó Sheachtain na Gaeilge
13-Feb-2023
Seo na físeanna Youtube ó Nollaig 2022
01-Feb-2023
Bhí ceiliúradh Lá Fhéile Bríde againn ar an Mháirt, 01/02/2023
Cnoc an Phíobaire, An Nás, Co. Chill Dara.
045 898 766
Enquire
Location
© 2024 Gaelscoil Nás na Ríogh